Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Zulus a thugtaí ar na báid a d'oibir siad air, bhí a athair féin orthu. D'oibir Gene é féin ar na báid seo nuair a d'fhág se an scoil, ón aois 16 bliain go dtí 20. Ag caint ar an iascaireacht a rinne siad, bhí na cearta iascaireacht uilig ag na tiarnaí talún. Bhí £5,000 de dhith agus cur síos ar an dóigh a fuair na daoine seo ar ais, bhunaigh an sagart cumann agus chuidigh Gael Linn. D'oibir seo go maith, bhí cead acu iascaireacht san fharraige ach ní raibh ar an abhainn, athraíodh seo fosta.Bhí luach maith ar an bhrádan san am sin. | 00:10:01 | |
Bhí fir as Ceanada ag déanamh staidéir ar aibhneacha agus iascaireacht na hÉíreann in 1962 agus bhí siad ábalta feiceáil go dtiocfadh meath ar an tionscnamh seo agus an fáth le seo. An scrios atá daoine ag déanamh ar an iasc agus truailleadh na habhann. | 00:05:15 | |
Ceannatiheoirí an éisc agus tógáil bád sna Cealla Beaga. HJ Nolan, Egans agus Gallchóirí. Bhí siad ag teacht as Béal Feirste, Doire agus Contae Mhaigh Eo. Bhí a gcuid fear féin leo leis an obair a dhéanamh. | 00:03:31 | |
Fostaíocht i dTeileann anois, níl mórán ann níos mó. Tá monarchan sealadacha ag próiseáil éisc. Tionscadal na tógála is mó atá ann anois. Tháinig athrach mór sa cheantar, moll tithe saoire ag gabháil suas. Tá an óige ag imeacht le obair a fháil, níl an oiread Gaeilge a labhairt níos mó. Tá Coláiste na Gaeilge agus na mná tígh ag coinneáil an teanga beo. | 00:03:40 | |